Idirdhealú ag Tiarnaí Talún nó Gníomhairí

Níl sé de cheangal de réir dlí ar thiarnaí talún ná ar ghníomhairí, réadmhaoin a ligean ar chíos do dhuine a fhaigheann ÍCT. Is féidir leo aon tionónta a roghnú dá réadmhaoin. Mar sin féin, ní cheadaítear dóibh diúltú réadmhaoin a ligean ar cíos do dhuine éigin díreach toisc go bhfaigheann an duine sin ÍCT. Ciallaíonn sé seo nach féidir leo caitheamh le tionónta atá ag fáil tacaíocht ÍCT ar bhealach difriúil ná mar a chaithfeadh siad le tionónta nach bhfuil ag fáil ÍCT.

Má bhraitheann tú gur dhiúltaigh tiarna talún nó gníomhaire réadmhaoin a ligean ar cíos duit toisc go bhfaigheann tú ÍCT, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ag: www.workplacerelations.ie/ga