Conas a oibríonn ICT?

  • Chun cáiliú do ICT, caithfidh teaghlaigh a bheith cáilithe do thacaíocht tithíochta shóisialta lena n-údarás áitiúil, a chiallaíonn go gcaithfidh an teaghlach a bheith cáilithe chun dul ar an liosta feithimh do thithíocht údaráis áitiúil.
  • Caithfidh tionóntaí HAP a lóistín féin a fháil ar mhargadh na gcíosanna príobháideacha. (Tá sé seo mar an gcéanna leis an scéim Forlíonadh Cíosa reatha.)
  • Caithfidh an tiarna talún glacadh lena réadmhaoin a ligeadh ar cíos go tionónta ICT.
  • Déanfaidh an t-údarás áitiúil íocaíocht mhíosúil don tiarna talún. Déantar an íocaíocht seo ar an gCéadaoin dheireanach de gach mí. Tá an íocaíocht ag brath ar théarmaí agus coinníollacha teorainneacha cíosa, agus go n-íocann an tionónta ICT a ranníocaíocht cíosa don údarás áitiúil san áireamh.
  • Íocann an tionónta ICT a ranníocaíocht cíosa don údarás áitiúil. Beidh ranníocaíochtaí cíosanna déanta go ginearálta trí Scéim Bhuiséid Teaghlaigh An Post. Mura íocann an tionónta ICT an ranníocaíocht cíosa seo, beidh a íocaíochtaí ICT a théann chuig a dtiarna talún curtha ar fionraí agus cuirfear stop leo faoi dheireadh. Tá an tionónta ICT freagrach as an gcíos iomlán a íoc iad féin.