Aimsigh do chóiríocht

Ní mór duit do chóiríocht féin a aimsiú ar mhargadh na gcíosanna príobháideacha. Ba cheart go mbeadh an chóiríocht seo taobh istigh de theorainneacha cíosa ÍCT. Cuirfidh d’údarás áitiúil ar an eolas thú mar gheall cad iad na teorainneacha cíosanna.

Má bhíonn an cíos míosúil arna chomhaontú le do thiarna talún níos mó ná an teorainn cíosa ÍCT do do theaghlach, ní mór duit an difríocht a íoc go díreach le do thiarna talún. Mar sin féin, bíonn freagracht ar údaráis áitiúla a chinntiú go mbíonn tionóntachtaí inbhuanaithe agus ní féidir leo tacaíocht ÍCT a sholáthar nuair nach mbíonn teaghlach in ann na costais cíosa atá á lorg a íoc.

Déanfaidh d’údarás áitiúil scrúdú ar do chóiríocht taobh istigh de ocht mí ón gcéad íocaíocht ÍCT a dhéanamh le do thiarna talún. Déantar é seo chun a chinntiú go bhfuil do chóiríocht ag cloí le caighdeáin tithíochta ar cíos.

Má aimsíonn tú cóiríocht i gceantar údaráis áitiúil eile, déan teagmháil le rannóg ÍCT d’údarás áitiúil reatha chun comhairle a fháil.