An méid ata i gceist leis an ÍCT do Dhaoine gan Dídean?

Cabhraíonn an scéim ÍCT do Dhaoine gan Dídean le daoine gan dídean nó leo siúd atá i mbaol a bheith gan dídean. Tugtar níos mó tacaíochtaí do thionóntaí faoin scéim ná faoin ngnáthscéim ÍCT. Áirítear leis na tacaíochtaí breise seo éarlaisí agus íocaíochtaí cíosa roimh ré chun cabhrú le teaghlaigh gan dídean tionóntacht ÍCT oiriúnach a aimsiú. Tugtar Seirbhís an Aimsitheora Áite ar an scéim ÍCT do Dhaoine gan Dídean freisin. Is iad na húdaráis áitiúla a bhainistíonn an tseirbhís seo. Má tá tú gan dídean nó má tá tú i mbaol a bheith gan dídean, is féidir leat iarratas ar na tacaíochtaí breise seo a chur faoi bhráid d’údaráis áitiúil.