Tionóntacht agus réadmhaoin

Tá gaol an ‘tiarna talún agus an tionónta’ idir tú féin agus do thionónta ICT. Beidh an tionóntacht rialaithe ag téarmaí an tAcht Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (arna leasú). Ciallaíonn sé seo go bhfuil an tionónta ÍCT do thionónta agus ní tionónta an t-údarás áitiúil é.

Bíonn ar Réadmhaoin ÍCT, cosúil le réadmhaoin eile ar cíos, caighdeáin cóiríochta cíosa a chomhlíonadh. Is féidir le d’údarás áitiúil eolas a thabhairt duit maidir leis na caighdeáin seo. Is féidir leat féachaint freisin ar na hÍoschaighdeáin i gCóiríocht ar Cíos ar shuíomh Gréasáin na Roinne Tithíochta.

Mar chuid den iarratas tionónta ICT, caithfidh tusa, mar thiarna talún, féindeimhniú go bhfuil na caighdeáin cearta ag an réadmhaoin. Scrúdóidh an t-údarás áitiúil an réadmhaoin chun cinntiú go bhfuil na caighdeáin cearta aige. Eagróidh siad é seo taobh istigh de ocht mí ón gcéad íocaíocht ICT atá déanta duit.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an Leabhrán Eolais ÍCT do Thiarnaí Talún nó déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus do fhreagrachtaí mar thiarna talún ar shuíomh gréasáin BTC.