Do thiarna talún agus do chomhaontú tionóntachta

Ní hionann d’údarás áitiúil agus do thiarna talún. Is é an tiarna talún an duine a bhfuil comhaontú cíosa agat leis.

Déanfaidh d’údarás áitiúil íocaíocht ÍCT, ar do shon, nuair a gheobhaidh sé foirm iarratais bailí uait agus ó do thiarna talún. Má bhogann tú isteach i réadmhaoin roimhe seo, beidh ort aon chíos dlite a íoc tú féin, go díreach le do thiarna talún.

Bíonn an íocaíocht ÍCT ag brath ar théarmaí agus coinníollacha, teorainneacha cíosa san áireamh.

Ní mór duit do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil a íoc le d’údarás áitiúil nó is féidir íocaíochtaí ÍCT a dhéantar le do thiarna talún a chur ar fionraí agus is féidir stop a chur leo ar deireadh thiar.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus freagrachtaí mar thionónta ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe.