Conas do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil a íoc

Is féidir do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil a íoc mar seo a leanas:

Mura n-asbhaintear do chíos go huathoibríoch, bain úsáid as ceann de na modhanna seo a leanas:

  • Íoslódáil an Aip HAP (Féach ár dTreoir Conas é a Dhéanamh anseo) chun íocaíocht a dhéanamh, féachaint ar do chuntas agus ráiteas a íoslódáil (Faighteoir HAP agus pascal ag teastáil)
  • Ar líne ag baint úsáid as an tairseach Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta (aitheantas agus pasfhocal d’Fhaighteoir ÍCT ag teastáil)
  • Trí ghlaoch a chur ar 061-556600 (aitheantas agus pasfhocal d’Fhaighteoir ÍCT ag teastáil)
  • Cárta Íoc Bille ÍCT (eisithe laistigh de 10 lá ón lá tosaithe) in aon Oifig an Phoist nó in aon siopa ina dtaispeántar an comhartha PostPoint PointePhost chun do chíos sheachtainiúil a íoc

Tabhair faoi deara gur féidir leat do ráiteas cuntais ÍCT féin a ghiniúint agus a íoslódáil ar líne ag https://happayments.limerick.ie. Is féidir an áis ghréasáin seo a úsáid freisin chun riaráistí a ghlanadh nó chun do chíos sheachtainiúil ÍCT a íoc ar líne, más gá.

Tusa atá freagrach as a chinntiú go bhfuil an ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil ceart.

Roimh íocaíocht a dhéanamh trí mhodh íocaíochta eile, le do thoil déan cinnte nach raibh do chíos bainte go huathoibríoch ó do bhainc nó oifig an phoist.