Conas a cháilítear

Ní mór duit a bheith cáilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta ó d’údarás áitiúil, rud a chiallaíonn nach mór duit cáiliú le dul ar liosta feithimh do thithíocht údaráis áitiúil. Má tá tú ar liosta tithíochta d’údaráis áitiúil cheana féin, agus mura bhfuil tú i gcineál tithíochta sóisialta faoi láthair, beidh tú incháilithe do ÍCT.

Tá na daoine a bhfuil an Forlíonadh Cíosa (FC) á fháil acu le fada agus atá cáilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta á n-aistriú ó FC go ÍCT.

Is féidir le d’údarás áitiúil seiceáil an bhfuil tú cáilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta agus ÍCT. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil.