Conas iarratas a dhéanamh ar ÍCT

Más iarratasóir nua thú ar thacaíocht tithíochta sóisialta, ní mór duit ar dtús foirm iarratais do Thacaíocht Tithíochta Sóisialta a líonadh isteach, atá ar fáil ó d’údarás áitiúil.

Ní mór duit ansin d’fhoirm líonta a sheoladh chuig d’údarás áitiúil mar aon leis na doiciméid go léir a theastaíonn chun do chás a mheas. Gheobhaidh tú liosta de na doiciméid seo ar fhoirm iarratais do Thacaíocht Tithíochta Sóisialta d’údaráis áitiúil.

Má tá tú faofa do thacaíocht tithíochta sóisialta, nó má tá tú ar liosta tithíochta d’údaráis áitiúil cheana féin, is féidir leat foirm iarratais ÍCT a iarraidh.

Ná líon isteach an fhoirm iarratais go dtí go mbeidh cóiríocht faighte agat.

I ndiaidh tionóntacht a chomhaontú le do thiarna talún, ní mór duit agus do do thiarna talún an fhoirm iarratais ÍCT líonta a thabhairt ar ais go dtí d’údarás áitiúil chomh luath is féidir.