Íocaíochtaí Tionónta HAP
Déanfaidh d’údarás áitiúil íocaíocht mhíosúil HAP go díreach le do thiarna talún, ar an gCéadaoin dheireanach de gach mí. Tá Íocaíochtaí HAP bunaithe ar líon na ndaoine i dteaghlach agus ar an margadh cíosa sa cheantar.
Tá solúbthacht theoranta ag údaráis áitiúla chun dul thar theorainneacha cíosa HAP i gcásanna áirithe. I gcás ina sáraíonn an cíos míosúil a comhaontaíodh le do thiarna talún an uasráta HAP is iníoctha ag d’údarás áitiúil, ní mór duit an difríocht a íoc go díreach le do thiarna talún. Mar sin féin, tá sé de dhualgas ar údaráis áitiúla a chinntiú go bhfuil tionóntachtaí inbhuanaithe agus ní féidir leo tacaíocht HAP a sholáthar i gcás nach bhfuil teaghlach in ann na costais cíosa atá á lorg a chomhlíonadh.
Tá an ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil a íocann tú le d’údarás áitiúil bunaithe ar ioncam do theaghlaigh. Ríomhtar é ar an mbealach céanna leis an gcíos a íocann tionónta maoine atá faoi úinéireacht údaráis áitiúil. Caithfear é seo a íoc chun fanacht incháilithe do HAP.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na teorainneacha a bhaineann le do theaghlach ó d’údarás áitiúil.
Más mian leat duine a chur leis chun tacú leat agus tú ag cumarsáid le HAP maidir le do chuntas, cliceáil anseo: ” Foirm Tacaíochta Cumarsáide ” agus seol ríomhphost chuig hapcollections@limerick.ie
Faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, ní íocfaidh an t-údarás áitiúil éarlais chuig do thiarna talún. Tú féin a bheidh freagrach as an éarlais a íoc.
Tá tacaíochtaí ar fáil faoin scéim Íocaíochta Riachtanais Bhreise, ar tacaíochtaí iad a chuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil, chun cabhrú le daoine a mbíonn costais riachtanacha orthu nach féidir leo a íoc lena n-ioncam seachtainiúil ná le hacmhainní pearsanta ná le hacmhainní teaghlaigh eile. Is féidir leat cur isteach ar an scéim chun cúnamh a fháil le héarlais cíosa a íoc. Tá an íocaíocht ar fáil d’aon duine a dteastaíonn sí uathu agus atá i dteideal na híocaíochta, bíodh siad ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh nó ag obair ar ioncam íseal. Níl aon teidlíocht uathoibríoch ar íocaíocht. Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí d’ioncam seachtainiúil teaghlaigh, do choigiltis agus d’infheistíochtaí, do chostais teaghlaigh agus an leibhéal cúnaimh a theastaíonn uait a mheas.
Is ar líne ag MyWelfare.ie an bealach is tapa agus is éasca chun cur isteach ar Íocaíocht Riachtanais Bhreise. Mar mhalairt air sin, is féidir leat foirm iarratais (foirm SWA1) mar aon le cáipéisíocht thacaíochta ábhartha a chur ar aghaidh chuig d’Ionad Intreo nó d’Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Íocaíocht Riachtanais Bhreise ar gov.ie/anp
