Idirdhealú ag Tiarnaí Talún nó Gníomhairí
Níl sé de cheangal de réir dlí ar thiarnaí talún ná ar ghníomhairí, réadmhaoin a ligean ar chíos do dhuine a fhaigheann ÍCT. Is féidir leo aon tionónta a roghnú dá réadmhaoin. Mar sin féin, ní cheadaítear dóibh diúltú réadmhaoin a ligean ar cíos do dhuine éigin díreach toisc go bhfaigheann an duine sin ÍCT. Ciallaíonn sé seo nach féidir leo caitheamh le tionónta atá ag fáil tacaíocht ÍCT ar bhealach difriúil ná mar a chaithfeadh siad le tionónta nach bhfuil ag fáil ÍCT.
Má cheapann tú gur dhiúltaigh tiarna talún nó gníomhaire cíos a thabhairt duit mar gheall ar HAP a fháil, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre.
